Bogach

Is éard is bogach ann ná limistéar talún atá sáithithe le huisce go buan nó go séasúrach, agus ina bhfuil bord an uisce in aice le nó ag an dromchla. D’fhéadfadh “bogaigh” athrú go mór ó thaobh cuma amhairc de, mar gheall go páirteach ar an suíomh ina dtarlaíonn siad agus ar an gcineál fásra/na cineálacha fásra atá ann. Tá svuíteanna speisialta ann de phlandaí atá oiriúnaithe chun dul i ngleic le dálaí fliucha agus, toisc go n-athraíonn na dálaí fliucha seo go spásúil, d’fhéadfadh mósáic de ghnáthóga ina bhfuil pobail phlandaí éagsúla tarlú laistigh de bhogach amháin.

Tá gnáthóga bogaigh na hÉireann idir an t-earrach an-bheag (cosúil le earrach fionnuisce) agus gnáthóga a bhfuil tionchar an-mhór acu ar thírdhreach na hÉireann, mar shampla lochanna, aibhneacha agus portaigh. Tá éagsúlacht mhór de speicis phlandaí agus ainmhithe iontu agus tá siad ina líonra tábhachtach de láithreáin éiceolaíochta do go leor speiceas ar imirce.

Feithid
Éin

Meastar go bhfuil luach €385 milliún in aghaidh na bliana ar bhithéagsúlacht na mbogach in Éirinn do gheilleagar na hÉireann agus cuireann bogaigh mar chuid de luach dúlra agus éiceathurasóireacht ghnáthóga na hÉireann ar luach €330 milliún freisin.