Suíomhanna Ramsar in Éirinn

Tá 45 suíomh aitheanta mar láithreáin Ramsar in Éirinn. Is bogaigh iad seo a bhfuil luach suntasach ag baint leo ó thaobh an dúlra de. Tá na suíomhanna léirithe ar an léarscáil mar aon le suíomhanna eile ainmnithe Natura 2000. Is féidir eolas ar gach suíomh a fháil trí chliceáil ar na naisc sa roghchlár. Tá an fhaisnéis go léir a bhaineann go sonrach le suíomh ar fáil ar https://rsis.ramsar.org, an taisclann lárnach d’fhaisnéis suíomh Ramsar.