Suíomhanna Ramsar in Éirinn

Tá 45 suíomh aitheanta mar láithreáin Ramsar in Éirinn. Is bogaigh iad seo a bhfuil luach suntasach ag baint leo ó thaobh an dúlra de.

Tá an fhaisnéis go léir a bhaineann go sonrach le suíomh ar fáil ar https://rsis.ramsar.org, an taisclann lárnach d’fhaisnéis suíomh Ramsar.

Tá próiseas nuashonraithe faisnéise suímh ag teacht chun críche faoi láthair. Foilsíodh dhá cheann déag de shuíomhanna nuashonraithe go dtí seo agus foilseofar an chuid eile ina bhfoirm nuashonraithe sna míonna amach romhainn. De réir mar a fhoilseofar na suíomhanna nuashonraithe, cuirfear na nuashonruithe seo i láthair thíos. Is iad seo a leanas na suíomhanna a fhoilsítear thíos ina bhfoirm nuashonraithe: Inbhear na hAbhann Duibhe, Bá Dhún Dealgan, Inbhear an Mhóinéir Leathain, Baile Mhic Óda, Bá Bhaile Choitín, Portach Iascaigh, Portach Loch Barra, Cnoc Mhaoilbhín/Seiscinn, Cuan Chorcaí, Bá Bhaile Dúill, Cuan Chaisleán na Mainge, Portach Chliara.